Search by Name

Search by Name

CHÉIDIGH Máire Ní

CHÉIDIGH Máire Ní obituary

CHÉIDIGH Ní Death Notices

Ní CHÉIDIGH (Uí CHONGHAILE), Máire - Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe A bhásaigh 11ú Bealtaine, 2024 Ba mhaith le Jimmy, fear céile Mháire agus a clann Pádhraic, Máireáine agus Kate, deirfiúracha agus deartháireacha Mháire, daoine muinteartha agus gaolta cleamhnais buíochas ó chroí a ghlacadh le chuile dhuine a chásaigh bás Mháire linn le gairid. Thaispeáin Máire, le linn an ama a raibh sí tinn, na tréithe sin a bhí go láidir aici agus í ina sláinte. Bhí sí cróga, greannmhar, spioradálta, oibleagáideach agus lách. Ba inspioráid í dúinn ar fad. I líonta Dé go gcastar sin. Buíochas ó chroí a gabháil leo siúd ar fad a rinne comhbhrón linn agus leis an gclann ar fad; iad siúd a tháinig ag an teach, ag an teach tórraimh nó ag Aifreann na Sochraide. Táimid buíoch as bhur dteachtaireachtaí cineálta, ar líne nó sa bpost. Tá buíochas ar leith ag dul do Phádraig Joe Joe as a chuid oibre agus a threoir agus don Athair Hughie Loftus a bhí linn i gcóir na Searmanais, beannú agus paidreacha ag an teach tórraimh agus an adhlacadh ag an uaigh agus a rinne an ceiliúradh linn ag Aifreann na Sochraide. Táimid fíor-bhuíoch do na comharsana a rinne maoirseacht ar an trácht ón teach maidin lae na sochraide agus na hoidí agus scolairí a rinne garda onóra ar aistear dheireanach Mháire ón teach go dtí an reilig. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin le Lena ó Theach Tórraimh Uí Neachtain, do Bheartla, dá chabhair agus do na fir a réithigh an uaigh. Buíochas do Caroline Friel as na bláthanna álainn, Ailbhe Hession agus Daniel O'Donnell as ucht an cheoil tochtmhar agus Ostán an Connemara Coast don bhéile tar éis na sochraide. Táimid fíorbhuíoch as an gcúnamh 's aire a fuair Máire ó fhoireann Ionad Sláinte Bhaile na hAbhann, chomh maith le Dr Egan, an foireann in Ionad Leigheas An Spidéil agus Cógaslann An Spidéil. Tá buíochas le gabháil leis na cúramóirí baile, Carmel, Mary, Ann agus Rodena, a thug an-aire do Mháire le cineáltas agus comhbhá. Táimid faoi chomaoin freisin ag an bhfoireann ón Irish Motor Neurone Disease Association, ó Ospidéil na hOllscoile, Gaillimh agus Páirc Mherlin, chomh maith leis an bhfoireann as Ospís na Gaillimhe agus an foireann Cúram Maolaitheach a chabhraigh linn aire a thabhairt do Mháire sa mbaile. Mar nach bhfuil sé de chumas againn buíochas a chur in iúl do gach duine go haonarach, tá súil againn go nglacfaí leis seo mar chomhartha dár mbuíochas. Ofráilfear Íobairt Beannaithe an Aifrinn ar bhur son, mar chomhartha don bhuíochas sin. Go gcuití Dia bhur gcineáltas libh ar fad. Cuirfear Aifreann Cinn Míosa le hanam Mháire ar 22ú Meitheamh i Séipéal Cholmcille, An Tulach ar a 6.00 tráthnóna. Jimmy, Máire's husband, along with her children Pádhraic, Máireáine and Kate, and her siblings, relatives and in-laws would like to express their sincere thanks to all those who sympathised with them on Máire's sad passing. During her illness, Máire consistently showed the qualities that she also possessed while in good health. She was brave, funny, spiritual, obliging and kind. She was an inspiration to us all. We are grateful to all those who visited the house, came to the removal or attended the funeral. We appreciate those who sent condolences, by post or online. We extend our particular thanks to Pádraig Joe Joe for his guidance and to Father Hughie Loftus who joined us in prayer at the funeral home and officiated the funeral Mass. We are grateful also to the neighbours who acted as traffic stewards on the morning of the funeral and to the teachers and students who performed a guard of honour on Máire's final journey from her house to the graveyard. Thanks are also due to Lena at Ó Neachtain's Funeral Home, Beartla for his help and to those who prepared the grave. We are grateful to Caroline Friel for the lovely flowers, to Ailbhe Hession and Daniel O'Donnell for the uplifting music and to the Connemara Coast Hotel for providing a meal following the funeral. We are very grateful for the care provided to Máire by the Health Centre in Baile na hAbhann, as well as Dr Egan, the staff in the Health Centre in Spiddal and in Walsh's Pharmacy. We would also like to thank the carers, Carmel, Mary, Ann and Rodena, who always showed kindness and compassion to Máire. We are also grateful to the team from the Irish Motor Neurone Disease Association, from the University Hospital, Galway and Merlin Park, as well as the Palliative Care team from the Galway Hospice, who helped us take care of Máire at home. As we cannot thank everyone personally, we hope that this acknowledgment serves as an expression of our gratitude. The Holy Sacrifice of Mass will be offered for your intentions. May God reward your fine work The Month's Mind Mass Will be celebrated on 22nd June in Seipéal Cholmcille, Tully Ballynahown, at 6.00 pm.
Published by The Connacht Tribune on Jun. 13, 2024.

Memories and Condolences
for CHÉIDIGH Ní

Not sure what to say?





0 Entries

Be the first to post a memory or condolences.